< Lukas 17 >
1 Sidan sagde han til læresveinarne sine: «Det er uråd anna enn det lyt koma freistingar, men ve yver den som dei kjem ifrå!
Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid said!
2 Han var betre faren det låg ein kvernstein um halsen hans og han var kasta i havet, enn at han skulde freista ein av desse små.
Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.
3 Tak dykk i vare! Syndar bror din, so tala til honom, og angrar han, so tilgjev honom!
Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.
4 Um han syndar mot deg sju gonger um dagen, og sju gonger kjem attende til deg og segjer: «Eg angrar!» so skal du tilgjeva honom.»
Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
5 Apostlarne sagde til Herren: «Gjev oss meir tru!»
Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh.
6 «Hev de tru som eit senapskorn, » svara Herren, «so kunde de segja til dette morbærtreet: «Rykk deg upp og røt deg i havet!» og det skulde lyda dykk.
Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.
7 Um nokon av dykk hev ein dreng som pløgjer eller gjæter, segjer han då til honom når han kjem heim frå marki: «Kom straks og set deg til bords?»
Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?
8 Segjer han’kje heller: «Stell til kveldsmaten åt meg, bind livgjordi um deg, og gakk meg til handa med eg et og drikk! Sidan kann du eta og drikka?»
Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh?
9 Takkar han vel drengen for di han gjorde som han var fyresagd? Eg trur ikkje det.
An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní shaóilim gormbía.
10 Soleis de og; når de hev gjort alt som var sagt dykk, so seg: «Me er uturvande tenarar! Me hev’kje gjort anna enn det som var skyldnaden vår.»»
Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.
11 Med han var på vegen til Jerusalem og for midt imillom Samaria og Galilæa,
Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ghabh sé sé tré lár na Samária agus na Galilé.
12 bar det so til at han gjekk inn i ein liten by, og der kom det imot han ti menner som hadde spillsykja; dei vart standande eit langt stykke undan,
Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:
13 og ropa høgt: «Jesus, meister, gjer sælebot på oss!»
Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn.
14 Då Jesus vart var deim, sagde han til deim: «Gakk og te dykk fram for prestarne!» Og med dei var på vegen, hende det at dei vart reine.
Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.
15 Ein av deim kom attende då han såg han var lækt; han lova Gud med høg røyst,
Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,
16 og kasta seg å gruve framfor føterne hans og takka honom; det var ein samaritan.
Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.
17 Då tok Jesus til ords og sagde: «Vart dei’kje reine alle ti? Kvar er då dei ni?
Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?
18 Var det ingen utan denne framande som kom attende og vilde gjeva Gud æra?»
Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso.
19 So sagde han til mannen: «Statt upp og gakk heim att! Trui di hev hjelpt deg.»
Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.
20 Farisæarane spurde honom ein gong når Guds rike skulde koma. Då svara han deim so: «Guds rike kjem ikkje so at ein kann sjå det for augo.
Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.
21 Ein kann ikkje heller segja: «Sjå her er det!» eller: «Der er det!» For Guds rike, det er inni dykk.»
Agus ní aibheóruid said, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus measg.
22 Sidan sagde han til læresveinarne: «Det kjem ei tid då de skal stunda etter å sjå ein av dei dagarne då Menneskjesonen råder, men de skal ikkje få sjå det.
Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.
23 Dei kjem til å segja til dykk: «Sjå der er han! Sjå her!» Gakk ikkje der burt, og fylg ikkje etter deim!
Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh, agus na leanuidh iád.
24 For liksom ljonet, når det kjem, skin frå himmelbrun til himmelbrun, soleis skal det vera med Menneskjesonen den dagen han kjem.
Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach, shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin.
25 Men fyrst lyt han lida mykje, og denne ætti skal skjota honom ifrå seg.
Achd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a dhiultadh ón chineadhsa.
26 Og som det var i Noahs dagar, so skal det og vera den tidi då Menneskjesonen kjem:
Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin fós bhiás a laéthibh Mhic an duine.
27 dei åt, dei drakk, dei gifte seg, dei vart burtgifte, alt til den dagen då Noah gjekk inn i arki; då kom storflodi og tynte alle i hop.
Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.
28 Eller som det var i Lots dagar: dei åt, dei drakk, dei kjøpte, dei selde, dei planta, dei bygde;
Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plantugheadh, ag tógbhail tighthe;
29 men den dagen då Lot tok ut frå Sodoma, regnde det eld og svåvel frå himmelen og tynte deim alle.
Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.
30 På same vis skal det vera den dagen Menneskjesonen syner seg.
Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine.
31 Er nokon den dagen uppå taket og hev sine ting nedi huset, so må han ikkje ganga ned og henta deim; og er nokon utpå marki, so må han ikkje venda um.
Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.
32 Kom i hug kona hans Lot!
Cuimhnighe ar mhnáoi Lot.
33 Den som freister å berga livet sitt, skal missa det, og den som misser det, skal vinna det att.
Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.
34 Eg segjer dykk: Den natti skal det liggja tvo i ei seng; den eine skal hentast, og hin setjast att.
A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile.
35 Tvo kvinnor skal mala på same kverni; den eine skal hentast, og hi setjast att.
Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean.
36 Tvo skal vera utpå marki; den eine skal hentast, og hin setjast att.»
Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile.
37 Då tok læresveinarne til ords og sagde: «Kvar, Herre?» Han svara: «Der liket er, der vil ørnane sankast innåt.»
Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.