< Lucam 20 >

1 Et factum est in una dierum, docente illo populum in templo, et evangelizante, convenerunt principes sacerdotum, et Scribæ cum senioribus,
Agus tárla, áon do na láethibh sin, an tan do theagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do sheanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe maille ris na sinnsearuibh chuige.
2 et aiunt dicentes ad illum: Dic nobis, in qua potestate hæc facis? aut: Quis est, qui dedit tibi hanc potestatem?
Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?
3 Respondens autem Iesus, dixit ad illos: Interrogabo vos et ego unum verbum. Respondete mihi:
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh freagra oram:
4 Baptismus Ioannis de cælo erat, an ex hominibus?
Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhi se, nó ó dháoinibh?
5 At illi cogitabant intra se, dicentes: Quia si dixerimus, de cælo, dicet: Quare ergo non credidistis illi?
Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó?
6 Si autem dixerimus, Ex hominibus, plebs universa lapidabit nos: certi sunt enim, Ioannem prophetam esse.
Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.
7 Et responderunt se nescire unde esset.
Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó.
8 Et Iesus ait illis: Neque ego dico vobis in qua potestate hæc facio.
Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi.
9 Cœpit autem dicere ad plebem parabolam hanc: Homo plantavit vineam, et locavit eam colonis: et ipse peregre fuit multis temporibus.
Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.
10 Et in tempore misit ad cultores servum, ut de fructu vineæ darent illi. Qui cæsum dimiserunt eum inanem.
Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.
11 Et addidit alterum servum mittere. Illi autem hunc quoque cædentes, et afficientes contumelia, dimiserunt inanem.
Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.
12 Et addidit tertium mittere: qui et illum vulnerantes eiecerunt.
Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.
13 Dixit autem dominus vineæ: Quid faciam? mittam filium meum dilectum: forsitan, cum hunc viderint, verebuntur.
Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó.
14 Quem cum vidissent coloni, cogitaverunt intra se, dicentes: Hic est heres, occidamus illum, ut nostra fiat hereditas.
Agus ar na fhaicsin do na sgológuibh, do labhradar eatarra féin, ag rádh, A sé so an toighre, tigidh, marbham é, ionnus go mbíadh a noighreachd aguinn féin.
15 Et eiectum illum extra vineam, occiderunt. Quid ergo faciet illis dominus vineæ?
Agus ar na theilgean don táobh amach don fhíneamhain, do mharbhadar é. Ar a nadhbharsin créd do dhéanas tlghearna na fíneamhna riú súd?
16 veniet, et perdet colonos istos, et dabit vineam aliis. Quo audito, dixerunt illi: Absit.
Tiocfuidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile. Agus an tan do chúaladarsan so, a dubhradar, Nár liege Día sin.
17 Ille autem aspiciens eos ait: Quid est ergo hoc, quod scriptum est: Lapidem, quem reprobaverunt ædificantes, hic factus est in caput anguli?
Achd ar bhféachain dósan órrtha, a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá sgriobhtha, An chloch do dhiultadar na sáoir is di so do rinneadh ceann an chuáinne?
18 Omnis, qui ceciderit super illum lapidem, conquassabitur: super quem autem ceciderit, comminuet illum.
Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.
19 Et quærebant principes sacerdotum, et Scribæ mittere in illum manus illa hora: et timuerunt populum: cognoverunt enim quod ad ipsos dixerit similitudinem hanc.
Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe láinha do chur annsan air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso.
20 Et observantes miserunt insidiatores, qui se iustos simularent, ut caparent eum in sermone, ut traderent illum principatui, et potestati præsidis.
Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin, ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin.
21 Et interrogaverunt eum, dicentes: Magister, scimus quia recte dicis, et doces: et non accipis personam, sed viam Dei in veritate doces:
Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh, á Mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú agus theagaisgeas tú, agus nach bhfuil cion agad ar phearsain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir na fírinne:
22 licet nobis tributum dare Cæsari, an non?
An ceaduightheach dhúinne cíos do thábhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?
23 Considerans autem dolum illorum, dixit ad eos: Quid me tentatis?
Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram?
24 Ostendite mihi denarium: Cuius habet imaginem, et inscriptionem? Respondentes dixerunt ei: Cæsaris.
Taisbéanaigh dhamh pighinn. Cia ar leis a níomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? Agus ar bhfreagra dhoibhsion a dubhradar, Lé Séasar,
25 Et ait illis: Reddite ergo quæ sunt Cæsaris, Cæsari: et quæ sunt Dei, Deo.
Achd a dubhairt seision riu, Ar a nadhbharsin tabhruidh do Shéasar na neithe is lé Séasar, agus na neithe is lé Día do Dhía.
26 Et non potuerunt verbum eius reprehendere coram plebe: et mirati in responso eius, tacuerunt.
Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil: agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar.
27 Accesserunt autem quidam Sadducæorum, qui negant esse resurrectionem, et interrogaverunt eum,
Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachiabh chuige, (noch shéanas a neiséirghe do bheith ann; ) dfíafruigheadar dhe,
28 dicentes: Magister, Moyses scripsit nobis: Si frater alicuius mortuus fuerit habens uxorem, et hic sine liberis fuerit, ut accipiat eam frater eius uxorem, et suscitet semen fratri suo:
Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair.
29 septem ergo fratres erant: et primus accepit uxorem, et mortuus est sine filiis.
Ar a nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann: agus ar ngabháil mná chuige don chédghear, fúair sé bás gan chloinn.
30 Et sequens accepit illam, et ipse mortuus est sine filio.
Agus do ghabh an dara dearbhrathair chuige an bhean, agus fuair seision leis bás gan chloinn.
31 Et tertius accepit illam. Similiter et omnes septem, et non reliquerunt semen, et mortui sunt.
Agus do ghabh an treas dearbhráthair chuige í; agas mar an gcéadna an móirsheisior: agus nier fhágbhadar clann, agus fúaradar bás.
32 Novissime omnium mortua est et mulier.
Agus a ndiaigh cháich aile fúair an bhean bás mar an gcéadna.
33 In resurrectione ergo, cuius eorum erit uxor? siquidem septem habuerunt eam uxorem.
Ar a nadhbharsin an sa neiséirghe cía aca súd dá madh bean í? óir do bhi si ag an mhóirsheisior na mnaoi.
34 Et ait illis Iesus: Filii huius sæculi nubunt, et traduntur ad nuptias: (aiōn g165)
Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Pósaid clann an tsáoghailsi mná, agus do bheirthear dfearuibh íad: (aiōn g165)
35 illi vero qui digni habebuntur sæculo illo, et resurrectione ex mortuis, neque nubent, neque ducent uxores: (aiōn g165)
Achd cheana an dream mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad: (aiōn g165)
36 neque enim ultra mori potuerunt: æquales enim Angelis sunt, et filii sunt Dei: cum sint filii resurrectionis.
Oír ní héidir léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.
37 Quia vero resurgant mortui, et Moyses ostendit secus rubum, sicut dicit Dominum, Deum Abraham, et Deum Isaac, et Deum Iacob.
Achd go néiréochadh na mairbh, dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.
38 Deus autem non est mortuorum, sed vivorum: omnes enim vivunt ei.
Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan.
39 Respondentes autem quidam Scribarum, dixerunt ei: Magister, bene dixisti.
Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú sin.
40 Et amplius non audebant eum quidquam interrogare.
Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.
41 Dixit autem ad illos: Quomodo dicunt Christum, filium esse David?
Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?
42 et ipse David dicit in libro Psalmorum: Dixit Dominus Domino meo, sede a dextris meis,
Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,
43 donec ponam inimicos tuos, scabellum pedum tuorum?
No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?
44 David ergo Dominum illum vocat: et quomodo filius eius est?
Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é?
45 Audiente autem omni populo, dixit discipulis suis:
Agus a néisdeachd an phobuil nile a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin,
46 Attendite a Scribis, qui volunt ambulare in stolis, et amant salutationes in foro, et primas cathedras in synagogis, et primos discubitus in conviviis:
Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh;
47 qui devorant domos viduarum, simulantes longam orationem. Hi accipient damnationem maiorem.
Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.

< Lucam 20 >