< Lúcás 10 >

1 Agus na dhiaigh so dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionnad, ann a raíbh a theachd féin.
Post hæc autem designavit Dominus et alios septuaginta duos. Et misit illos binos ante faciem suam in omnem civitatem, et locum, quo erat ipse venturus.
2 Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.
Et dicebat illis: Messis quidem multa, operarii autem pauci. Rogate ergo Dominum messis ut mittat operarios in messem suam.
3 Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta.
Ite: ecce ego mitto vos sicut agnos inter lupos.
4 Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.
Nolite portare sacculum, neque peram, neque calceamenta, et neminem per viam salutaveritis.
5 Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióthcháin don tighse.
In quamcumque domum intraveritis, primum dicite: Pax huic domui:
6 Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnnighe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin a rís.
et si ibi fuerit filius pacis, requiescet super illum pax vestra: sin autem, ad vos revertetur.
7 Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go tigh.
In eadem autem domo manete edentes, et bibentes quæ apud illos sunt: dignus est enim operarius mercede sua. Nolite transire de domo in domum.
8 Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi:
Et in quamcumque civitatem intraveritis, et susceperint vos, manducate quæ apponuntur vobis:
9 Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.
et curate infirmos, qui in illa sunt, et dicite illis: Appropinquavit in vos regnum Dei.
10 Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach génbhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh,
In quamcumque autem civitatem intraveritis, et non susceperint vos, exeuntes in plateas eius, dicite:
11 Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh.
Etiam pulverem, qui adhæsit nobis de civitate vestra, extergimus in vos: tamen hoc scitote, quia appropinquavit regnum Dei.
12 Agus a deirím bhur ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd, ná don chathraighsin.
Dico vobis, quia Sodomis in die illa remissius erit, quam illi civitati.
13 Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh.
Væ tibi Corozain, væ tibi Bethsaida: quia si in Tyro, et Sidone factæ fuissent virtutes, quæ factæ sunt in vobis, olim in cilicio, et cinere sedentes pœniterent.
14 Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus, na dháoibhsi.
Verumtamen Tyro, et Sidoni remissius erit in iudicio, quam vobis.
15 Agus tusa, a Chapernáum, atá ar do thógbháil súas go neamh, teilgfidhthear siós go hifearnn thú. (Hadēs g86)
Et tu Capharnaum usque ad cælum exaltata, usque ad infernum demergeris. (Hadēs g86)
16 Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.
Qui vos audit, me audit: et qui vos spernit, me spernit. Qui autem me spernit, spernit eum, qui misit me.
17 Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi.
Reversi sunt autem septuaginta duo cum gaudio, dicentes: Domine, etiam dæmonia subiiciuntur nobis in nomine tuo.
18 Agus a dubhairt sesion riu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh.
Et ait illis: Videbam Satanam sicut fulgor de cælo cadentem.
19 Fénch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.
Ecce dedi vobis potestatem calcandi supra serpentes, et scorpiones, et super omnem virtutem inimici: et nihil vobis nocebit.
20 Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.
Verumtamen in hoc nolite gaudere quia spiritus vobis subiiciuntur: gaudete autem, quod nomina vestra scripta sunt in cælis.
21 Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.
In ipsa hora exultavit Spiritu Sancto, et dixit: Confiteor tibi Pater, Domine cæli et terræ, quod abscondisti hæc a sapientibus, et prudentibus, et revelasti ea parvulis. Etiam Pater: quoniam sic placuit ante te.
22 Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.
Omnia mihi tradita sunt a Patre meo. Et nemo scit quis sit Filius, nisi Pater: et quis sit Pater, nisi Filius, et cui voluerit Filius revelare.
23 Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi:
Et conversus ad discipulos suos, dixit: Beati oculi, qui vident quæ vos videtis.
24 Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.
Dico enim vobis, quod multi prophetæ, et reges voluerunt videre quæ vos videtis, et non viderunt: et audire quæ auditis, et non audierunt.
25 Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd? (aiōnios g166)
Et ecce quidam legis peritus surrexit tentans illum, et dicens: Magister, quid faciendo vitam æternam possidebo? (aiōnios g166)
26 Achd a dubhairt seision ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú?
At ille dixit ad eum: In lege quid scriptum est? Quomodo legis?
27 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Ille respondens dixit: Diliges Dominum Deum tuum ex toto corde tuo, et ex tota anima tua, et ex omnibus virtutibus tuis, et ex omni mente tua: et proximum tuum sicut teipsum.
28 Agus a dubhairt seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus mairfidh tú.
Dixitque illi: Recte respondisti: hoc fac, et vives.
29 Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa?
Ille autem volens iustificare seipsum, dixit ad Iesum: Et quis est meus proximus?
30 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh.
Suscipiens autem Iesus, dixit: Homo quidam descendebat ab Ierusalem in Iericho, et incidit in latrones, qui etiam despoliaverunt eum: et plagis impositis abierunt semivivo relicto.
31 Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe.
Accidit autem ut sacerdos quidam descenderet eadem via: et viso illo præterivit.
32 Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile.
Similiter et Levita, cum esset secus locum, et videret eum, pertransiit.
33 Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é
Samaritanus autem quidam iter faciens, venit secus eum: et videns eum, misericordia motus est.
34 Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.
Et appropians alligavit vulnera eius, infundens oleum, et vinum: et imponens illum in iumentum suum, duxit in stabulum, et curam eius egit.
35 Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é.
Et altera die protulit duos denarios, et dedit stabulario, et ait: Curam illius habe: et quodcumque supererogaveris, ego cum rediero reddam tibi.
36 A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach?
Quis horum trium videtur tibi proximus fuisse illi, qui incidit in latrones?
37 Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.
At ille dixit: Qui fecit misericordiam in illum. Et ait illi Iesus: Vade, et tu fac similiter.
38 Agus tárla, ag imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighe: agus go rug bean áirighe dar bhaimn Martá dá tigh fein é.
Factum est autem, dum irent, et ipse intravit in quoddam castellum: et mulier quædam Martha nomine, excepit illum in domum suam,
39 Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na bhríathraibh.
et huic erat soror nomine Maria, quæ etiam sedens secus pedes Domini, audiebat verbum illius.
40 Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamb ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom.
Martha autem satagebat circa frequens ministerium: quæ stetit, et ait: Domine, non est tibi curæ quod soror mea reliquit me solam ministrare? dic ergo illi, ut me adiuvet.
41 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría, A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh:
Et respondens dixit illis Dominus: Martha, Martha, sollicita es, et turbaris erga plurima.
42 Achd cheana ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach béarthar uáithe.
Porro unum est necessarium. Maria optimam partem elegit, quæ non auferetur ab ea.

< Lúcás 10 >