< Luke 19 >
1 He entered and was passing through Jericho.
Agus ar ndol a sdeach go Iérico Diosa do ghabh sé thríthe.
2 There was a man named Zacchaeus. He was a chief tax collector, and he was rich.
Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir.
3 He was trying to see who Yeshua was, and couldn’t because of the crowd, because he was short.
Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn.
4 He ran on ahead and climbed up into a sycamore tree to see him, for he was going to pass that way.
Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil.
5 When Yeshua came to the place, he looked up and saw him, and said to him, “Zacchaeus, hurry and come down, for today I must stay at your house.”
Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.
6 He hurried, came down, and received him joyfully.
Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.
7 When they saw it, they all murmured, saying, “He has gone in to lodge with a man who is a sinner.”
Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich.
8 Zacchaeus stood and said to the Lord, “Behold, Lord, half of my goods I give to the poor. If I have wrongfully exacted anything of anyone, I restore four times as much.”
Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.
9 Yeshua said to him, “Today, salvation has come to this house, because he also is a son of Abraham.
Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.
10 For the Son of Man came to seek and to save that which was lost.”
Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.
11 As they heard these things, he went on and told a parable, because he was near Jerusalem, and they supposed that God’s Kingdom would be revealed immediately.
Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.
12 He said therefore, “A certain nobleman went into a far country to receive for himself a kingdom and to return.
Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.
13 He called ten servants of his and gave them ten mina coins, and told them, ‘Conduct business until I come.’
Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé.
14 But his citizens hated him, and sent an envoy after him, saying, ‘We don’t want this man to reign over us.’
Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn.
15 “When he had come back again, having received the kingdom, he commanded these servants, to whom he had given the money, to be called to him, that he might know what they had gained by conducting business.
Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca.
16 The first came before him, saying, ‘Lord, your mina has made ten more minas.’
Agus táinic án céadduine, ag rádh A thighearna, do ghnodhuigh do phiosa deich bpiosa.
17 “He said to him, ‘Well done, you good servant! Because you were found faithful with very little, you shall have authority over ten cities.’
Agus a dubhaiort seision ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuighe mhait: óir do bhí tú firinneach ar bheagán, bíodh cumhachda agad ar dheich gcaithreachaibh.
18 “The second came, saying, ‘Your mina, Lord, has made five minas.’
Agus táinic an dara fear, ag rádh, A thighearna, do rinne do phíosa cúig piosa.
19 “So he said to him, ‘And you are to be over five cities.’
Agus a dubhairt ris an tesi, Bisi mar an gcéadna ós cionn cuig gcaithreach.
20 Another came, saying, ‘Lord, behold, your mina, which I kept laid away in a handkerchief,
Agus táinic fear eile chuige, ag rádh, A thighearna, féuch, do phiosa do bhí agamsa a ttaisgidh a naipcin:
21 for I feared you, because you are an exacting man. You take up that which you didn’t lay down, and reap that which you didn’t sow.’
Oír do bhi heaglasa oram, tré gnr duine foghruáma thú: tógbhuidh tú súas an ui nár chuir tú siós, agus beanuidh tí an ní nar shiólchuir tú.
22 “He said to him, ‘Out of your own mouth I will judge you, you wicked servant! You knew that I am an exacting man, taking up that which I didn’t lay down and reaping that which I didn’t sow.
A dubhairtsion ris, As do bhéul féin do bheir imbreith ort, a dhriochshearbhfhoghantaigh. Do bhí a fhios agad gur dhuine forghrúama misi, thogbhus súas an ni nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ni nach ar shíochuir me:
23 Then why didn’t you deposit my money in the bank, and at my coming, I might have earned interest on it?’
Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach?
24 He said to those who stood by, ‘Take the mina away from him and give it to him who has the ten minas.’
Agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é.
25 “They said to him, ‘Lord, he has ten minas!’
(Agus a dubhradarsan ris, A thighearna, atáid deich bpiosa aige.)
26 ‘For I tell you that to everyone who has, will more be given; but from him who doesn’t have, even that which he has will be taken away from him.
Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige.
27 But bring those enemies of mine who didn’t want me to reign over them here, and kill them before me.’”
Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.
28 Having said these things, he went on ahead, going up to Jerusalem.
Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.
29 When he came near to Bethsphage and Bethany, at the mountain that is called Olivet, he sent two of his disciples,
Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,
30 saying, “Go your way into the village on the other side, in which, as you enter, you will find a colt tied, which no man has ever sat upon. Untie it and bring it.
Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.
31 If anyone asks you, ‘Why are you untying it?’ say to him: ‘The Lord needs it.’”
Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.
32 Those who were sent went away and found things just as he had told them.
Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.
33 As they were untying the colt, its owners said to them, “Why are you untying the colt?”
Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?
34 They said, “The Lord needs it.”
Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.
35 Then they brought it to Yeshua. They threw their cloaks on the colt and sat Yeshua on them.
Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.
36 As he went, they spread their cloaks on the road.
Agus ag imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe.
37 As he was now getting near, at the descent of the Mount of Olives, the whole multitude of the disciples began to rejoice and praise God with a loud voice for all the mighty works which they had seen,
Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;
38 saying, “Blessed is the King who comes in the name of the Lord! Peace in heaven, and glory in the highest!”
Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.
39 Some of the Pharisees from the multitude said to him, “Rabbi, rebuke your disciples!”
Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh.
40 He answered them, “I tell you that if these were silent, the stones would cry out.”
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.
41 When he came near, he saw the city and wept over it,
Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son,
42 saying, “If you, even you, had known today the things which belong to your peace! But now, they are hidden from your eyes.
Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.
43 For the days will come on you when your enemies will throw up a barricade against you, surround you, hem you in on every side,
Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh.
44 and will dash you and your children within you to the ground. They will not leave in you one stone on another, because you didn’t know the time of your visitation.”
Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.
45 He entered into the temple and began to drive out those who bought and sold in it,
Agus ar ndol a sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhi ag reic, do thionnsgain cé an dream do bhi ag reic agus ag ceannach ann, do chur amach;
46 saying to them, “It is written, ‘My house is a house of prayer,’ but you have made it a ‘den of robbers’!”
Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha, Mo thighse is tigh urnuighe é; achd cheana do rinneabhairsi tuimighthe bhiothamhnach dhe.
47 He was teaching daily in the temple, but the chief priests, the scribes, and the leading men amongst the people sought to destroy him.
Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh,
48 They couldn’t find what they might do, for all the people hung on to every word that he said.
Gidheadh ni raibh a fhios aca créd do dhéunaidis: óir do bhi an pobal uile ro-aireach air éisdeachd risean.