< Luke 23 >
1 And all the multitude of them rising up, lead Him to Pilate.
Agus ar néirghe dá ccoimhthional uile, rugadar chum Pioláid é.
2 And they began to accuse Him, saying, We found Him perverting the nation, and forbidding to give tribute to Caesar, saying that He is Christ, a King.
Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.
3 And Pilate asked Him, saying, Art thou the King of the Jews? And responding to him, He said, Thou sayest it.
Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.
4 And Pilate said to the chief priests and the multitudes, I find nothing criminal in this man.
Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.
5 And they became stronger and stronger, saying, He stirs up the people, teaching throughout all Judea, beginning from Galilee unto this place.
Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.
6 And Pilate hearing, asked if He is a Galilean man.
Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach é.
7 And learning that He is from the jurisdiction of Herod, he sent Him up to Herod, being himself in Jerusalem in those days.
Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.
8 And Herod seeing Jesus, rejoiced exceedingly: for from a long time, wishing to see Him, because He was hearing about Him; and he was hoping to see some miracle wrought by Him.
Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.
9 And he asked Him with many words; and He responded to him nothing.
Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air.
10 But the high priest and scribes stood by, accusing Him vehemently.
Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.
11 But Herod along with his soldiers having indeed treated Him with contempt, and mocked Him, putting on Him a scarlet robe, sent Him back to Pilate.
Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.
12 And both Herod and Pilate on that day became friends with one another: for they were hitherto in enmity either to other.
Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.
13 Pilate having called together the chief priests and the rulers and the people,
Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid,
14 said to them, You have brought to me this man, as revolutionizing the people: and behold, I, judging Him before you, found nothing in this man criminal of those things which you accuse against Him.
A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
15 But Herod did not: for he sent Him back to us; and behold, nothing worthy of death has been done by Him.
Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.
16 Therefore having scourged Him, I will release Him.
Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.
18 And they unanimously cried out, saying, Take Him away, and release unto us Barabbas:
Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:
19 who had been cast into prison on account of certain sedition made in the city, and murder.
Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.
20 Then Pilate again called to them, wishing to release Jesus.
Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.
21 And they continued to shout aloud, saying, Crucify Him, crucify Him.
Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é.
22 And he spoke to them the third time, For what evil hath He done? I found nothing in Him worthy of death: therefore having scourged Him, I will release Him.
Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.
23 And they continued to lay on with great voices, demanding that He should be crucified: and the voices of them and the high priests continued to grow stronger.
Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.
24 And Pilate decided that their request should be granted.
Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.
25 And released him who on account of sedition and murder had been cast into prison, and delivered up Jesus according to their wish.
Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.
26 And when they were leading Him away, taking a certain Simon, a Cyrenean, coming from the country, they placed the cross on him, to carry it after Jesus.
Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.
27 And a great multitude of people followed Him, and of women who were both weeping and bewailing Him.
Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.
28 And Jesus turning to them said, Daughters of Jerusalem, weep not for me, but weep for yourselves, and your children.
Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.
29 Because behold, the days are coming, in which they will say, Blessed are the barren, and the wombs that did not bring forth, and the breasts that did not nurse.
Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.
30 Then they will begin to say to the mountains, Fall on us; and to the hills, Hide us.
Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh, Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn.
31 Because if they do these things in the green tree, what may be done in the dry?
Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?
32 And two malefactors were also led away with Him, to be executed.
Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion.
33 And when they came to the place called Calvary. There they crucified Him, and the malefactors, one on the right and one on the left.
Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
34 And Jesus said, Father, forgive them, for they know not what they are doing. And dividing His garments, they were casting the lots.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid said. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
35 The people stood looking: and the rulers were even mocking with themselves, saying, He saved others; let Him save Himself, if He is the Christ, the elect of God.
Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.
36 And the soldiers were also mocking, coming and bringing the vinegar to Him,
Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,
37 and saying, If thou art the King of the Jews, save thyself.
Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.
38 And the superscription was also over Him: THIS IS THE KING OF THE JEWS.
Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.
39 And one of the malefactors having been hung up, continued to blaspheme Him, saying, If thou art the Christ, save thyself and us.
Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.
40 But the other one responding, rebuked him saying, Do you not fear God, because you are in the same condemnation?
Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?
41 and we indeed justly; for we are receiving the deservings of the things we did: but this one has done nothing amiss.
Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.
42 And he said to Jesus, Lord, remember me when thou mayest come in thy kingdom.
Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.
43 And Jesus said to him, Truly I say unto thee, This day shalt thou be with me in Paradise.
Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.
44 And it was about the sixth hour, and there was darkness over all the earth until the ninth hour.
Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair.
45 And the sun was darkened, and the veil of the temple was rent in the middle.
Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.
46 And calling with a loud voice, Jesus said, Father, into thy hands I commit my spirit. And having said this, He expired.
Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
47 And the centurion seeing that which took place, glorified God, saying, Surely this was a righteous man.
Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.
48 And all the multitudes being present at that scene, seeing those things which took place, were going away beating their breasts.
Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.
49 And all His acquaintances stood a great way off and the women who having followed along with Him from Galilee, seeing these things.
Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.
50 And behold, there was a man by name Joseph, being a councilor, a good and righteous man,
Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:
51 (for he was not consenting unto their counsel and deed), from Arimathea, a city of the Jews, who also himself was looking for the kingdom of God.
Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
52 He having come to Pilate, begged the body of Jesus.
Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.
53 And having taken it down, he wrapped it in linen, and placed it in a hewn sepulcher, where no one ever was laid.
Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.
54 And it was Preparation day, and the Sabbath was drawing nigh.
Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.
55 And the women, who had come along with him out of Galilee, having followed down, saw the sepulcher, and where His body was placed.
Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur.
56 And having returned, they prepared aromatics and myrrh: and they kept the Sabbath according to the commandment.
Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do chomhuuidheadar lá na sábhoide do réir na háithne.